Romans 9:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin créd a déaram? Go rugadar na Cineacha, nár lean don fhíréantachd, ar an bhfíréntachd eadhon, an fhíréntachd atá on chreideamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Créad adéarfaimíd mar sin? Gur ab iad na Cineadhaigh, nach raibh ag lorg fíréantachta, do fuair fíréantacht, is í sin an fhíréantacht thig ó chreideamh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad é tá orainn a rá mar sin? Is é rud é, na Gintlithe nach raibh iarraidh acu ar an bhfíréantacht, tá sé sroichte acu, is é sin fíréantacht trí chreideamh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh.