Romans 9:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag ar díobh na haithre, agus ó a bhfuil Críosd do réir na feóla, atá na Dhía ós cionn na nuile, beannaighe go síorruidhe. Amén.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
gur leo na h‐aithreacha, agus gur uatha‐san do shíolruigh Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile nidh, Dia beannuighthe go deo. Amén.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is leo na huasalaithreacha, agus is díobh an Críost de réir na colainne. Dia atá os cionn a bhfuil ann go mba bheannaithe é go deo. Áiméan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne–an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Áiméan.