Romans 9:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A sé sín ré a rádh, Ní híad clann na féola, clann Dé: achd clann na geallamhna mheastar mar shíol.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is ionann sin agus a rádh, nach iad clann na feola clann Dé; acht gur ab iad clann na geallamhna meastar mar shliocht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é a chiallaíos sé sin, nach iad clann Dé iad clann na colainne, ach go meastar clann an ghealltanais mar shliocht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais.