Ruth 2:11 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair Boas, agus a dubhairt ría, Do taisbeanadh dhámhsa go hiomlán, a nuile ní dá ndéarna tú dot bhainchliamhuin ó fuáir thfear bás: agus mar dfág tú hathair agus do mhathair, agus an tír ann ar rugadh thú, agus mar tháinic tú a ccionn daoine nar bhaithnidh dhuit roimhe so.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Boaz: «Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d' fhear bás; mar a d' fhág tú d' athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo.