Ruth 2:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do thóg sí ar a muin é, agus do chúaidh don chathruigh: agus ar bhfaícsin dá mathairchliamhuin ar dhioghluim sí: agus gur tharruing sí amach, agus go ttug dhi ar thaisgidh sí déis bheith sáitheach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug sí léi é agus d' imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.