Titus 1:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dár ab éigean a mbéul do stopadh, dream chuireas tighthe go huilidhe fá chéile, ag teagusg neitheann nach cóir, do ghrádh eudála néamhghloine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
go gcaithfear a mbéal do dhúnadh; daoine chuireas teaghlaigh iomlána bun os cionn, ag múineadh neithe nach cóir ar son airgid neamh‐ghlain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
caithfear tost a chur orthu, mar tá siad ag cur teaghlaigh iomlána bunoscionn ag teagasc dóibh nithe nár choir le hairgead lochtach a thuilleamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.