Titus 1:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atáid na huile neithe go deimhin glan don druing atá glan: achd don druing atá salach agus gan chreideamh ni bhfuil éinní glan; achd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is glan gach nidh do’n dream atá glan: acht ní glan éinnidh do’n dream neamh‐ghlan, díchreidmheach; acht atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truaillighthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is glan gach ní do lucht na glaine, ach ní glan aon ní do lucht na truaillíochta agus an díchreidimh; mar bíonn a n-intinn agus a gcoinsias féin á dtruailliú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.