Titus 1:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmantach Dé, gan bheith dhó ag ríoth réir a thóla féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige a néudáil neamhghloin;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ní foláir do’n easboc bheith gan locht, mar ba chóir do mhaor Dé; gan bheith ceanndána, gan bheith feargach, gan bheith tugtha do’n ól, gan bheith buailteach, ná sanntach i n‐airgead neamh‐ghlan;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar caithfidh easpag a bheith saor ó locht ós maor ag Dia é; gan a bheith tiamúil ná drochchorraitheach ná ina phótaire fíona ná ina throdaí ná santach,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar, ós maor do Dhia an t-uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar, ós maor do Dhia an t-uachtarán ní mór dó a bheith gan locht, gan a bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,