Titus 2:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Measárrgha, geanmnuidh, comhnuigheach na dtighthibh, maith, úmhal da bhfearuibh féin, deagla bhréithre Dé do mhaslughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
bheith stuamdha, geanmaidhe, go dícheallach i ngnóthaibh an tighe, bheith cáirdeamhail, umhal d’á bhfearaibh féin, chum nach maslóchar briathar Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bheith modhúil, geanmnaíoch, ina ndea-mhná tí, caomhúil, umhal dá gcéilí fir, ar eagla míchlú a tharraingt ar bhriathar Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus a bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.