Titus 3:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tan chuirfeas mé Artemas chugad, nó Tichicus, déun deitheas ré theachd chugam go Nicopolis: óir is ann sin do chuir mé romhan an geimhreadh chaitheamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair chuirfead Artemas chugat, nó Tichicus, déan do dhícheall chum teacht chugam go Nicopolis; óir is ann atá ceaptha agam an geimhreadh do chur tharm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chuirim fios ort le hArtemas nó le Ticicus, déan do dhícheall le teacht in airicis orm i Nicopolis, ó tá rún agam an geimhreadh a chaitheamh ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaigh-se chugam go Niocapoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt.