Titus 3:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ní h‐é do réir gníomhartha fíréanta do bhí déanta againn, acht do réir a thrócaire féin, do shlánuigh sé sinn, tré bhaisteadh na h‐aith‐gheineamhna agus tré athnuadhadh an Spioraid Naoimh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ba é a rinne ár saoradh ní as siocair na ngníomhartha fíréantachta a bhí déanta againn féin, ach de bhrí a chuid trócaire féin, le hionladh na hathghiniúna agus le hathnuachan an Spioraid Naoimh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-ath-nuachan ag an Spiorad Naomh.