Titus 3:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As fírinneach an rádh so, agus is áill leam thú dheimhniughadh na neitheansa, ionnus go mbíadh an dream do chreid do Dhía ro dhíthchiollach a ndéaghoibrighibh do dhéunamh. As íad so na neithe théid a sóchar agus a dtarbha do dháoinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is fíor an rádh é, agus ba mhian liom go gcuirfeá ’n‐a luighe ar na daoinibh é, go gcaithfidh an dream chreideas i nDia deagh‐oibreacha do chleachtadh. Is iad so na neithe atá fóghanta, tairbheach do na daoinibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is iontaofa an ráiteas é. Is mian liom tú a sheasamh ar na pointí sin, go gcaithfidh an dream a bhfuil creidte acu i nDia aire a bheith acu faoi dhul i gcionn na ndea-oibreacha; rud a bhfuil maith agus tairbhe ann do dhaoine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)