Zechariah 1:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chonnairc mé san noidhche, agus féuch duine ag marcuigheachd air each rúadh, agus do sheas sé a measc na ccrann miortail noch do bhí san ghleann; agus do bhádar na dhiáigh eich dearga, ballacha, agus bána.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.