Zechariah 10:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus béid síad mar dhaóinibh cumhachtacha, noch shaltras siós a naimhde a lathuigh na sráideann annsa chath: agus troidfid síad, do bhrígh go bhfuil an TIGHEARNA maille ríu, agus náireochthar an drong do ní marcuigheachd air eachaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.