Zechariah 12:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus dóirtfidh mé air thigh Dháibhi, agus ar áitreabhthachaibh Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarghuidheadh; agus féuchfuid orumsa noch do tholladar, agus caóidhfid air a shonsan, mar chaóidhios duine ar son a aoínmhic, agus béid siad a ndoilghios air a shon, amhuil mar bhíos duine a ndoilghios ar son a chéidghine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.