Zechariah 13:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tiucfuidh a ccrich annsa lósin, a deir TIGHEARNA na slógh, go ngéarrfa mé anmanna na niodhal as an dtalamh, agus ní chuimhneochthar ní is mó íad, agus fós do bhéara mé air na faighibh agus air na spioraduibh neamhghlana imtheacht amach as an ttír.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n-íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.