Zechariah 14:12 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus budh í so an phláigh le a mbuáilfidh an TIGHEARNA na daóine uile do throid a naghaidh Ierusalem; Cnaoidhfidh a bhfeóil díobh an feadh sheasfuid air a ccosaibh, agus leaghfuid a súile úatha iona bpollaibh, agus cnáoidhfighear a tteanga iona mbéul.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.