Zechariah 14:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír cruinneocha misi na huile chineadhacha a naghaidh Ierusalem chum catha; agus géabhthar an chathair, agus sladfuighear na tighthe, agus béid na mná éignighthe; agus rachaidh leath na caithreach a mbrúid, agus ní geárfuighear an chuid oile don phobal ón ccathruigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.