Zechariah 14:21 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fós, biáidh a nuile phota ann Ierusalem agus ann Iúdah na náomhthacht do THIGHEARNA na slógh: tiucfaidh a nuile dhrong íodhbras agus glacfuidh díobh, agus bruithfid ionnta: agus annsa ló sin ní bhiáidh Canaaníteach ní is mó a ttigh THIGHEARNA na slógh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta.