Zechariah 14:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus seasfuid a chosa annsa lósin ar shlíabh na noluigheadh, noch atá as coinne Ierusalem san noirthear, agus scoiltfidh slíabh na noluigheadh iona lár don leath shoir agus don leath shíar, na ghleann romhór; agus áthrochuid leath an tsléibhe don táoibh ó thúaigh, agus a leath oile don taoibh ó dheas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.