Zechariah 3:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Má shiubhluighionn tú ann mo shlighthibhse, agus má choimhéadann tú mo chúram, annsin do dhéana tú breitheamhnus air mo thigh, agus cuimhdeocha tú fós mo chúirtionna, agus do bhéara mé áite dhuit do shiubhal na measc só noch sheasas láimh riot.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: 'Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m' aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.