Zechariah 5:3 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin a dubhairt seision riom, Isé so an mallughadh théid amach thair aghaidh na talmhan uile: óir géarrfuighear amách gach uile dhuine ghadus mar budh eadh don taóibhsi dhá réir; agus géarrfuighear amach gach uile dhuine do bheir mionna mar budh eadh don taóibh oile dhá réir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé liom ansin: «Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m' ainmse.