Zechariah 5:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do thóig mé mo shúile súas, agus damhairc mé, agus, féuch, tháinic días ban amach, agus do bhí an gháoth iona sciathánuibh: (óir do bhádar sciatháin orra amhuil sciatháin cúirre glaise:) agus do thóghbadar súas an téphah idir an ttalamh agus neamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir.