Zephaniah 3:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Uimesin feithidh sibhsi orumsa, a deir an TIGHEARNA, nó go ttig an lá a néireocha misi súas chum na creiche: óir isé is mían damh na cineadhacha do chruinniughadh, ionnus go ttoitheastluigh mé na rioghachda, do dhórtadh mo dioghla orra, eadhon mfearg bhorb uile: óir loisgfighear an talamh uile lé téine mo éada.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ar an ábhar sin,» a deir an Tiarna, «fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.