bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Thessalonians 3
1 Thessalonians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Ar an adhbhar sin, nuair nárbh fhéidir linn foidhneamh níb’ fhaide, do cheapamar go mba cheart dúinn fanamhain ’n‐ár n‐aonar i gCathair na hAithne:
2
agus do chuireamar Timóteus, ar mbráthair agus ministir Dé i soiscéal Chríost, chugaibh chum sibh do dhaingniú, agus chum sólás i dtaobh bhur gcreidimh do thabhairt daoibh;
3
chum nach gcorróchaidhe aon duine leis na cathuighthibh úd: óir atá a fhios agaibh gur chuige sin do h‐órduigheadh sinn.
4
Óir nuair bhíomar ’n‐bhur bhfochair, d’inniseamar roimh ré dhaoibh go bhfuil anró le fulang againn; rud tháinig chum críche, mar is eol daoibh féin.
5
D’á bhrigh sin, nuair nárbh fhéidir liom foidhneamh níb’ fhaide, d’iarras faisnéis d’fhágháil i dtaobh bhur gcreidimh, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéadh cathú curtha ag an gcathuightheoir oraibh, agus go mbéadh ár saothar i n‐aisce.
6
Acht nuair tháinig Timóteus uaibh anois díreach chugainn, agus thug sé deagh‐scéala dhúinn i dtaobh bhur gcreidimh agus i dtaobh bhur ngrádha, g‐á rádh go mbíonn sibh i gcómhnaidhe ag cuimhneamh orainn, ag tnúth le n‐ár bhfeicsin, mar táimíd féin ag tnúth leis, chómh maith:
7
d’á bhrigh sin, a bhráithre, fuaramar sólás ’n‐bhur dtaobh i lár ár n‐amhgair agus ár mbuaidheartha uile:
8
óir mairimíd beo anois, ó tá sibh ag seasamh go daingean san Tighearna.
9
Óir cia an buidheachas fhéadaimíd a thabhairt arís do Dhia ar bhur son as ucht an áthais mhóir atá orainn ’n‐bhur dtaobh i bhfiadhnaise ár nDé:
10
ag guidhe go díoghraiseach dúinn d’oidhche agus de ló go bhfeicfimíd bhur n‐aghaidh, agus go gcuirfimíd bárr ar a bhfuil i n‐easnamh ar bhur gcreideamh.
11
Anois go seolaidh Dia féin agus ár nAthair, agus ár dTighearna Íosa ar ár mbealach chugaibh sinn:
12
agus go méaduighidh an Tighearna an grádh ionnaibh go líonmhar d’á chéile, agus do chách, mar atá againn féin daoibh‐se;
13
chum go ndaingnighidh sé bhur gcroidheacha gan locht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, ag teacht d’ár dTighearna Íosa i n‐éinfheacht le n‐a naomhaibh uile.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5