bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Thessalonians 4
1 Thessalonians 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
I ndeireadh scéil, a bhráithre, atáimíd g‐á chur d’impidhe agus d’athchuinghe oraibh san Tighearna Íosa, fá mar d’fhoghlaim sibh uainne cionnas ba cheart daoibh siubhal chum taithneamh do thabhairt do Dhia, fá mar tá sibh do dhéanamh, dul i bhfeabhas níos fearr ’ná ariamh.
2
Óir is eol daoibh na h‐aitheanta thugamar tríd an Tighearna Íosa dhaoibh.
3
Óir is é is toil le Dia sibh bheith naomhtha, sibh do staonadh ó striapachas;
4
go mb’ eol do gach duine agaibh cionnas a chorp féin do congbháil i naomhthacht agus i n‐onóir,
5
gan géilleadh d’ainmhian na drúise, mar ghníos na Cineadhaigh atá gan eolas ar Dhia;
6
gan a bhráthair do mhealladh nó do shárú san gcás so: óir agrann an Tighearna díoghaltas i ngach cás d’á leithéidibh sin, do réir mar thugamar rabhadh agus fógra ’n‐a dtaobh dhaoibh cheana.
7
Óir ní chum neamh‐ghlaine do ghlaodh Dia sinn, acht chum naomhthachta.
8
D’á bhrigh sin, cibé dhiúltuigheas é seo, ní h‐é an duine dhiúltuigheas se, ácht Dia do‐bheir a Spiorad Naomh dhaoibh.
9
Acht i dtaobh an ghrádha bhráthardha, ní gábhadh scríobhadh chugaibh: óir fuarabhar féin teagasc ó Dhia gur dual daoibh grádh do thabhairt d’á chéile,
10
agus go deimhin, is é sin an rud atá d’á dhéanamh agaibh i dtaobh na mbráthar uile atá san Maiceadóin ar fad. Acht impidhmíd oraibh, a bhráithre, dul ar aghaidh níos dúthrachtaighe ’ná ariamh:
11
agus bheith go dian d’iarraidh bhur saoghal do chaitheamh go síothchánta, agus saothrú le n‐bhur lámhaibh féin, mar d’órduigheamar daoibh;
12
chum go mba cneasta bhur n‐iomchar i súilibh na ndaoine atá lasmuigh, gan ganntanas ar bith bheith oraibh.
13
Acht, a bhráithre, níor mhaith linn sibh bheith i n‐ainbhfios i dtaobh na ndaoine atá ’n‐a gcodladh, chum nach mbéidh cumha oraibh, mar bhíos ar na daoinibh eile atá gan dóchas.
14
Óir má chreidimíd gur éag Íosa agus gur aiséirigh sé arís, ar an gcuma sin is eadh bhéarfas Dia i n‐éinfheacht leis an dream chodlas i nÍosa.
15
Óir adeirimíd do réir briathar an Tighearna, sinne atá beo, atá fágtha go teacht an Tighearna, nach mbéidh tosach againn ar an dream chodlas.
16
Óir tiocfaidh an Tighearna ó na flaitheasaibh anuas le gáir, le guth an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairbh i gCríost is túisce éireochas:
17
’n‐a dhiaidh sin tógfar sinne atá fágtha beo i n‐éinfheacht leo ins na néalltaibh chum dul i ndáil an Tighearna san spéir: agus béidhmíd mar sin go síorraidhe i bhfochair an Tighearna.
18
D’á bhrigh sin tabhraidh meisneach d’á chéile leis na briathraibh seo.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5