bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Thessalonians 5
1 Thessalonians 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Acht maidir leis na h‐aimsearaibh agus leis na tráthaibh, a bhráithre, ní gábhadh éinnidh do scríobhadh chugaibh.
2
Óir atá a fhios agaibh go maith go dtagann lá an Tighearna mar thagann gadaidhe san oidhche.
3
Nuair adeir na daoine, Síothcháin agus neamh‐bhaoghal, annsin is eadh thig léirscrios obann ortha, mar thagann a pianta ar mhnaoi atá ag iomchar clainne; agus ní rachaidh siad slán as.
4
Acht, a bhráithre, ní fhuil sibh‐se san dorchacht, go dtiocfadh an lá úd oraibh mar thiocfadh gadaidhe.
5
Clann an tsolais agus clann an lae is eadh sibh go léir; ní daoine de chlainn na h‐oidhche, ná de chlainn na dorchachta sinn.
6
Ná bímís ’n‐ár gcodladh, mar sin, ar nós daoine eile, acht bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill.
7
Óir na daoine chodlas, is san oidhche chodlas siad, agus na daoine bhíos ar meisce, is san oidhche bhíos siad ar meisce.
8
Acht sinne, daoine de chlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireach an chreidimh agus an ghrádha do chur orainn; agus an dóchas chum slánuighthe bheith mar chlogad orainn.
9
Óir ní chum díbheirge do cheap Dia sinn, acht chum slánughadh d’fhágháil tré n‐ár dTighearna Íosa Críost,
10
fuair bás ar ár son, chum go mairfimís beo i n‐éinfheacht leis, má’s ’n‐ár ndúiseacht nó ’n‐ár gcodladh dhúinn.
11
D’á bhrigh sin tabhraidh meisneach d’á chéile, agus neartuighidh a chéile, fá mar tá d’á dhéanamh agaibh.
12
Impidhmíd oraibh, a bhráithre, cion do bheith agaibh ortha‐san atá ag obair ’n‐bhur measc, iad‐san go bhfuil ceannas aca oraibh san Tighearna, agus bheireas cómhairle bhur leasa dhaoibh;
13
agus árd‐mheas do bheith agaibh ortha as ucht a n‐oibre. Bidhidh go síothchánta eadraibh féin.
14
Agus iarraimíd oraibh, a bhráithre, tabhraidh rabhadh do na fallsóirí, tabhraidh meisneach do na daoinibh atá lag‐chroidheach, bidhidh mar thaca do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, bidhidh foighdeach leis an uile dhuine.
15
Féachaidh chuige nach dtiubhraidh aoinneach an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; acht leanaidh i gcómhnaidhe do’n mhaith eadraibh féin agus i dtaobh an uile dhuine.
16
Dhéanaidh gáirdeachas i gcómhnaidhe;
17
bidhidh ag guidhe gan stad.
18
Beiridh buidheachas san uile nidh; óir is é toil Dé é sin ’n‐bhur dtaobh i nÍosa Críost.
19
Ná múchaidh an Spiorad;
20
ná déan beag‐is‐fiú de tharngaireachtaibh;
21
fromhaidh gach aon nidh; greamuíghidh go daingean dhá bhfhuil maith;
22
staonaidh ó olcas de gach saghas.
23
Agus go naomhuighidh Dia na síothchána féin go h‐iomlán sibh; agus go gcoimheádtar sibh idir spiorad agus anam agus corp slán ó chionnta go dtí teacht ár dTighearna Íosa Críost.
24
Is dílis an té atá ’g‐bhur nglaodhach, is é dhéanfas é.
25
A bhráithre guidhidh orainn.
26
Beannuighidh do na bráithribh go léir le póig naomhtha.
27
Cuirim mar athcuinghe oraibh as ucht an Tighearna an eipistil seo do chur d’á léigheamh do na bráithribh go léir.
28
Go raibh grása ár dTighearna Íosa Críost libh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5