bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Thessalonians 2
1 Thessalonians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Is agaibh féin, a bhráithre, atá fhios nárbh aon chuairt in aisce ár gcuairt oraibh;
2
in ainneoin arfhulaingíomar de dhrochíde náireach i bhFilipí, mar atá a íhios agaibh, bhí sé de dhánacht ó Dhia ionainn soiscéal Dé a léiriú daoibh dá mhéad a fuaireamar de fhreasúra.
3
Mar ní éiríonn an t-iarratas seo a dhéanaim oraibh as dearmad ná as neamhghlaine, ná le dallamullóg a chur oraibh;
4
ach ó mheas Dia gur fiú sinn leis an soiscéal a thaobhú linn, is amhlaidh a labhraímid, ní le gnaoi daoine a tharraingt orainn féin, ach le sásamh a thabhairt do Dhia a mbíonn ár gcroíthe á scrúdú aige.
5
Mar tá a dhea-fhios agaibh féin nach mbíodh aon bhéal bán againn, agus a fhianaise ar Dhia nár leithscéal é le bheith santach;
6
agus ní dhearnamar é lena thabhairt oraibh nó ar dhaoine nach sibh a rá gur mór an clú dúinn é, cé go bhféadfaimis dea-chlú a thabhú mar aspail Chríost.
7
Ach bhíomar chomh min mánla libh le buime a chealgaíos a leanaí.
8
Bhíomar mar sin ag imirt dáimhe oraibh, agus sinne réidh ullamh le soiscéal Dé agus le rún ár gcroíthe a ligean libh, ó ba mhór an cion a bhí againn oraibh.
9
Mar nár chuimhneach libh, a bhráithre, ar chuireamar orainn féin de thromshaothar agus dʼobair chrua; a bhíodh ag síorobair oíche is lá, as an leisce a bhí orainn bheith mar ualach oraibh, fad agus bhíomar ag seanmóireacht shoiscéal Dé daoibh.
10
Bíodh a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia freisin, cad é chomh naofa ceart neamhpheacúil agus a bhíomar libh a bhfuil creideamh agaibh;
11
mar is feasach daoibh go rabhamar libh mar bhíos athair lena chlann féin ag cur comhairle ar gach duine agaibh agus ag iarraidh go dian oraibh
12
bhur mbeatha a eagrú mar a dhlíonn sibh do Dhia, a thug gairm daoibh chun a ríochta agus chun a ghlóire.
13
Agus bímid á altú seo go buan, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nár ghlac sibh leis mar bhriathar daonna ach leis an mbriathar diaga atá ann i bhfírinne atá ag oibriú ionaibh, i lucht an chreidimh.
14
Mar thosaigh sibhse, a bhráithre, ar dhéanamh aithrise ar a bhfuil dʼeaglaisí ag Dia in Íosa Críost inlúdaea; ó dʼfhulaing sibh an íde chéanna ó bhur gcine féin a dʼfhulaing siadsan ó na Giúdaigh,
15
a chuir an Tiama Íosa agus a chuir na fáithe chun báis, agus a chuir an tóir orainne, agus a bhíos ag déanamh míshásaimh Dé agus aimhleas daoine,
16
ag cur toirmisc orainne faoi labhairt leis na Gintlithe ionas go slánófaí iad—de gheall ar mhaol a chur ar a bpeacaí. Ach is amhlaidh atá fearg Dé tar éis titim anuas orthu faoi dheireadh.
17
Ach ó bhí orainn scaradh libh seal tamaill, a bhráithre, i gcorp agus ní i gcroí, ba mhóide ár ndúil agus ár ndúth-racht amharc a fháil ar ghnúis a chéile;
18
ó bhí mian orainn teacht chugaibh—ormsa, Pól, arís agus arís—murab é gur chuir Sátan cosc linn.
19
Mar cad é a bheas againn mar ábhar dóchais agus lúcháire agus mar bhláthfhleasc le bheith ag maíomh as os comhair ár dTiama Íosa nuair a thiocfas sé? Nach sibhse?
20
Is sibhse is cúis lenár nglóir agus lenár n-áthas.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5