bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Thessalonians 3
1 Thessalonians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Mar sin, nuair a chuaigh sé thar acmhainn orainn, dʼaontaíomar lenár bhfágáil linn féin san Ataen,
2
agus chuireamar Timótéus bráthair dúinne agus freastalaí ag Dia i soiscéal Chríost, chugaibh, le sibh a bhunú in bhur gcreideamh, agus le misneach a chur ionaibh,
3
ar eagla go mbainfeadh na cruachásanna seo bogadh as aon duine agaibh. Tá a íhios agaibh féin go bhfuil sin indándúinn.
4
Mar nuair a bhíomar agaibh, dʼinsíomar daoibh roimh ré go raibh orainn angar a fhulaingt; mar a tharla, agus mar a tugadh le fios daoibh.
5
Is é sin an chúis a bhi liom, nuair nach raibh acmhainn agam air nios faide, le teachtaireacht a chur uaim faoi thuairisc bhur gcreidimh, ar eagla go mbeadh cathú curtha oraibh ag an gcathaitheoir agus go mbeadh ár saothar in aisce orainn.
6
Ach anois gur fhill Timótéus orainn uaibh, agus go bhfuil scéal maith leis i dtaobh bhur gcreidimh agus bhur ngrá agus é á rá linn go mbíonn dea-chuimhne agaibh orainn agus go bhfuil an dúil agaibh a bhíos againne le hamharc a fháil ar a chéile arís—
7
dá bhrí sin, a bhráithre, ina raibh orainn de chrá agus de chruatan bhí sé mar shólás againn go bhfuil bhur gcreideamh agaibh;
8
mar táimidne beo ach sibh seasamh go daingean sa Tiarna.
9
Conas is féidir linn a altú mar is cóir le Dia, an t-áthas uile a bhíos orainn fúibh i láthair ár nDé,
10
ag guí go dúthrachtach oíche agus lá go bhfeicfímid gnúiseanna a chéile agus go líonfaimid cibé bearna atá in bhur gcreideamh?
11
Anois go ndéana ár nAthair Dia féin, agus ár dTiarna Íosa Críost, ár mbealach chugaibh a réiteach;
12
agus go gcuire an Tiarna fás agus flúirse ar an ngrá dá chéile agus do na daoine uile ionaibh, mar an grá atá againn daoibh,
13
ionas go ndaingní sé bhur gcroíthe le bheith naofa gan smál os comhair ár nDé agus ár nAthar, nuair a thiocfas Íosa Críost agus na naoimh uile.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5