bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Thessalonians 4
1 Thessalonians 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Mar fhocal scoir, a bhráithre, achainímid agus impímid oraibh as ucht an Tiarna Íosa, déanamh mar a dʼfhoghlaim sibh uainn le bhur mbeatha a chaitheamh mar is fearr a shásódh Dia, agus a dhéanamh mar atá sibh á dhéanamh anois, agus bheith ag síorchur leis.
2
Mar chuala sibh na comhairlí a chuireamar oraibh tríd an Tiarna Íosa.
3
Mar is é seo is toil le Dia, sibh a bheith do bhur naomhú: go bhfana sibh amach ó striapachas;
4
agus go mbeidh sé de chiall ag gach duine agaibh bean a fháil dó féin ar nós naofa onórach,
5
gan géilleadh dʼainmhianta gáirsiúla mar na Gintlithe nach bhfuil aithne acu ar Dhia;
6
ionas nach dté aon duine thar teorainn, agus nach ndéana sé aon éagóir ar a bhráthair sa chúis seo, ó bíonn an Tiarna ag baint a chúitimh as sna gnóthaí seo, mar a rinneamar a réamhfhógairt agus a réamhfholáireamh daoibh.
7
Mar ní chun neamhghlaine, ach chun naofachta a ghlaoigh Dia sinn.
8
Agus mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag de, níl sé ag déanamh a bheag de dhuine ach de Dhia, a bhronnas an Naomh-Spiorad oraibh.
9
Ach maidir le grá na mbráithre, níl feidhm oraibh go scríobhfaí chugaibh faoi, mar tá foghlamtha agaibh ó Dhia féin grá a bheith agaibh dá chéile;
10
agus ar ndóigh tá grá agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach impímid oraibh, a bhráithre, tuilleadh eile a shíorchur leis,
11
agus bheith ag tnúth le bhur mbeatha a chaitheamh go socair suaimhneach, agus bhur ngnóthaí a dhéanamh daoibh féin, agus bhur lámha a chur chun oibre, mar a chomhair-líomar daoibh;
12
ar nós go mbeidh meas ag na heachtrann-aigh oraibh, agus nach mbeidh sibh i dtuilleamaí duine ar bith.
13
Ach ní maith linn sibh a fhágáil in aineolas, a bhráithre, i dtaobh an dreama atá ina suan, ar eagla go mbeadh an brón sin oraibh a bhíos ar an dream nach bhfuil an dóchas acu.
14
Tá sé chomh cinnte lenár gcreideamh i mbás agus in aiséirí Íosa, go dtabharfaidh Dia trí Íosa an dream ar thit a suan orthu leis.
15
Mar foilsímid daoibh mar bhriathar ó bhéal Dé, maidir leis an méid againn a fhanfas ina mbeo, a bhíos á bhfágáil go dtí teacht an Tiarna, nach mbeidh an tús againn ar an dream ar thit a suan orthu.
16
Mar is amhlaidh a thuirlingeos an Tiarna féin ó neamh le gairm scoile, le glaoch an ardaingil, agus le glór stoc Dé. Agus is iad an dream a fuair bás i gcreideamh Chríost a éireos ar dtús;
17
agus ina dhiaidh sin beidh sinne, a fágadh inár mbeo, dár bhfuadach chun néalta neimhe le dul in airde sa spéir in airicis an Tiarna; agus mar sin beimid i gcuideachta an Tiarna go deo.
18
Tugaigí sólás dáchéilemar sin leis na briathra seo.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5