Esther 4:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Marsin dimthigh Mordecai roimhe, agus do rinne do réir a nuile ní dar aithin Ester dhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
17a Ansin thug Mordacaí chun cuimhne oibreacha iontacha an Tiarna, agus chuir sé a achainí chuige á rá: 17b A Thiarna, a Thiarna, a Rí a rialaíonn an uile ní, tá an uile ní faoi do smacht, agus níl aon duine leis an bhfód a sheasamh i d' aghaidh, más toil leat Iosrael a fhuascailt. 17c Rinne tú neamh agus talamh, agus gach iontas faoin spéir. Is tú Tiarna an uile ní, agus níl aon duine le seasamh i d' aghaidh ós tú an Tiarna. 17d Is eol duit an uile ní, agus is maith is eol duit, a Thiarna, nach le barr díomais ná uabhair, ná éirí in airde, a rinne mé mar a rinne agus gur dhiúltaigh mé cromadh síos do Hámán an díomais. Óir phógfainn fiú boinn a chos le fonn, ar mhaithe le fuascailt Iosrael; 17e Ach rinne mé é seo, d' fhonn nach gcuirfinn glóir dhuine os cionn glóir Dé; Agus ní chromfaidh mé d' aon duine ach duitse, mo Thiarna, agus ní le barr díomais é. 17f Agus anois, a Thiarna Dia, A Rí, a Dhia Abrahám, caomhnaigh do phobal! óir táthar ar ár dtí lenár scriosadh, agus leis an oidhreacht a bhain leat ó thús a mhilleadh. 17g Ná déan faillí i do chuid féin, an chuid a d' fhuascail tú duit féin as tír na hÉigipte. 17h Éist le m' achainí, agus déan trócaire ar d' oidhreacht, agus déan lúcháir dár ndobrón, le go mairfimid agus go molfaimid d' ainm, a Thiarna; agus ná scrios béal na muintire a ghabhann do mholtaí. Urnaí Eistir D' imigh Mordacaí leis ansin agus rinne de réir treoracha uile Eistir.