John 12:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Niorbh í a shuim sna boicht a thug air sin a rá, ach is é rud, bhí sé ina ghadai, agus ó bhí bosca an airgid aige ba ghnáth leis ar cuireadh ann a thógáil leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.