bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Corinthians 13
1 Corinthians 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Giodh go laibhéoruinn ré teangthuibh dháóine agus aingeal, agus gan grádh ionnam, ní bhfuilim achd mar phrás ag déunmah fuáime, nó mar chimbal ag cluigineachd.
2
Agus bíodh go mbeith fáidheadóireachd agam, agus go mbeith fios na nuile ruindíamhradh, agus gach uile éolas agam; agus bíodh go mbeith an creideamh uile agam, ar ghléus go bhféudfuinn sléibhte athrughadh, agus mé bheith gan ghrádh, ní bhfuil éifeachd ionnam.
3
Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.
4
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,
5
Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
6
Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;
7
Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
8
Ní théid an grádh ar gcúl choidhche: bíodh go rachaidh fáidheadóireachd ar gcúl, agus go gcoisfid, na teangtha; agus go gcuirfighthear an téólas ar gcúl.
9
Oír ní bhfuil a nois aguinn achd gné éoluis, agus gné faidheadóireachda.
10
Achd an tan thiucfus a ní iomlán, cuirfighthear an tansin a ní easbhuidheach ar gcúl.
11
An tan do bhí mé am náoidhean, do labhair mé mar náoidhean, do thuig mé mar náoidhean: as cíall náoidhin do bhí agum: achd ar dteachd damh go háois iomláin, do chuir mé na neithe leanbuidhe ar gcúl.
12
Oír is radharc spéucláire dorcha, atá aguinn a nois; achd a núairsin bíam ar aghaidh a chéile: a nois atá gné aithne agam; achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram.
13
Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16