bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 John 5
1 John 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Gidh bé chreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghradhuigheas an tuismightheóir grádhuidhe se mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.
2
As air so aithnigheamáoid go bhfuil grádh aguinn do chloinn De, an tan bhíos grádh do Dhía aguinn, agus choimhéudamáoid a aitheanta.
3
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
4
Oír beíridh gach ní atá ar na thuismeadh ó Dhía buáidh ar an tsáoghal: agus a sí so an bhuáidh rug buáidh ar a tsáoghal, eadhon ar gcreideamhne.
5
Cía bheireas buáidh ar a tsáoghal, achd an tí chreideas gur ab é Iósa Mac Dé?
6
A sé so an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iósa Críosd; ní tré uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíadhnuise, gur fírinne an Spiorad.
7
Oír atá tríur ar neamh do ní fíadhnuise, an Tathair, an Bríathar, agus an Sbiorad Náomh: agus atáid an tríursa na náon.
8
Agus atá tríur ar an dtalamh do ní fíadhnuise, an sbiorad, agus an tuisge, agus an fhuil: agus tigid an tríursa ré chéile ar áon ní.
9
Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.
10
An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.
11
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.
12
An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
13
Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.
14
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
15
Agus má atá a fhios aguinn go néisdeann sé sinn, fá gach ní dá sirmíd, atá a fhios aguinn go bhfuilid na híarratais do íarramar air ar fagháil aguinn.
16
Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.
17
As peacadh gach uile eugcóir: gidheadh atá peacadh ann nach bhfuil chum báis.
18
Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.
19
Atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía atámuid, agus go bhfuil an sáoghal uile na luidhe sa nolc.
20
Achd atá a fhios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse dhúinn, ris an Día fhíre daithniughadh, agus atamuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Iósa Críosd. A sé so an fír-Dhía, agus an bheatha mharthannach.
21
A chlann bheag, coimhéuduigh sibh féin air iodhaluibh. Amén.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5