bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Thessalonians 1
1 Thessalonians 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Pol, agus Silbhánus, agus Timotéus, chum eagluise na Dtessalónicanach a Ndía Athar, agus sa Dtíghearna Iósa Críosd: Grása maille ribh, agus síothcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
2
Beirmíd buidheachas ré Día do shíor ar bhur sonsa uile, dá bhur gcoimhniughadh ann ar núrnuighibh;
3
Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur nobair creidimh, agus sáothar carrthannachda, agus foíghide bhur mhuinighne ann ar Dtíghearna Iósa Críosd, a bfíadhnuisi Dé éadhon ar Nathair:
4
Ar mbeith fios bhur ndoghasa aguinn, a dhearbhráithre, as ionmhuin ré Día.
5
Oír ní a mbréithir amháin do bhí an soisgéul do rinneamar a sheanmóir dhaóibhse, achd sa Sbiorad Náomh, agus a láindearbhthachd; do réir mar as aithnigh dhíbh an gléus ann a rabhamar bhur measg ar bhur sonsa.
6
Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh:
7
Ionnas go rabhabhair bhur neisiompláiribh don mhéid agá bhfuil creideamh a Macedónia agus a Nachaía.
8
Oír do clós fuáim bhréithre an Tíghearna uáibhse amach, ní hé amháin a Macedónia agus a Nachaía, achd do leathnuidh bhur gcreideamh a Ndía sa nuile áit mar an gcéudna; ionnas nach bhfuil na ríachdanas oruinne éinní labhairt.
9
Oír foillsighid féin oruinn, cionnas do chúadhmar a steach chuguibhse, agus an gléus air ar fhill sibhsé ó íodhaluibh chum Dé chum seirbhíse do dhéunamh don Día bhéo fhírinneach;
10
Agus chum fuireach ré na Mhac ó neamh, noch do thóg sé súas ó mharbhuibh, eadhon Iósa, sháorus sinne ón bhfearg atá chum teachda.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5