bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
3 John 1
3 John 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
1
An, seanóir chum Gáiuis ghrádhuigh, dá bhfuil mó ghrádh go fírinneach.
2
A dhearbhráthair grádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthá séun agus sláinte, amhuil atá séun ar thanam.
3
Oír do ghabh gáirdeachas mór mé, an tan thangadar na dearbhráithre agus do rinneadar fíadhnuise don fhírinne atá ionnadsa, do réir mar shiúbhlas tú sa bhfírinne.
4
Ní bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag suibhal sa bhfírinne.
5
A dhearbhráthair ghradhuigh, is deighchreideamheach do ní tú gach a ndéun tú do na dearbhráuthribh, agus do dhéoraidhibh;
6
Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh a láthair na heagluise: is maith do dhéunas tú, má bheir tú fá shlighe íad mar is fíu Día:
7
Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na Cinneadhachuibh.
8
Uime sin atá dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabháil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcómhluchd cabhartha do fhírinne.
9
Do sgríobh mé chum na heagluise: achd Diotréphes, rér mían áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.
10
Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomhartha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus ní lór leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuirídh sé amach as a neagluis íad.
11
A dhearbhráthair ghrádhuigh, na lean don nolc, achd don mhaith. An tí do ní an mhaith is ó Dhía atá sé: achd an tí do ní an tolc ni fhacuidh sé Día.
12
Atá deaghtheisd ar Demétrius ag na dearbhráithribh uile, agus ag an bhfírinne féin: agus do níomuidhne fós, fíadhnuise ris; agus atá a fhíos aguibhse gur fírinneach an fhíadhnuise do níomuid.
13
Do bhí mórán agum ré a sgríobhadh, achd ní hail leam a sgríobhadh chugad ré dúbh agus ré peann:
14
Oír atá súil agum ré thus dfaicsin go haithghearr, agus laibheóram béul ar bhéul. Síothcháin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd chum na gcarad tré na nainm.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1
Recommended Reading
Commentary
3 John Commentaries
→
Devotional
3 John Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→