bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Colossians 1
Colossians 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Pol, absdal Iosa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhrathair Timotéus,
2
Chum na náomh agus na ndearbhráthar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille ribh, agus siotcháin, ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iosa Críosd.
3
Beirmíd a bhuidhe ré Día agus ré Hathair ar Dtíghearna Iosa Críosd, ag déunamh urnuighe do shíor ar bhur sonsa,
4
On tráth fá gcúalamar iomrádh bhur gcreidimh a Níosa Críosd, agus bhur ngrádh do na huile náomhuibh,
5
Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil;
6
Noch tháinic chuguibhse, comhmaith ris an ndomhan uile; agus do bheir toradh úadha, mar do bheir bhur measgsa, ón lá fá gcúalabhair, agus fá bhfúarabhair éola air ghrás Dé go fírinneach:
7
Amhuil fós do fhoghluim sibh ó Epaphras ar gcoimhshearbhfoghantuidh grádhach, noch atá ar bhur sonsa na mhinisdir díleas ag Críosd;
8
Noch fós do fhoillsigh dhúinne bhur ngrádhsa trés an Sbioruid.
9
Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá bheith ag úrnuighe ar bhur son, agus ag athchuinghe sibhse do bheith líonta déolas a thoilesion a nuile éagna agus thuidge sbioradalta;
10
Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;
11
Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;
12
Ag breith bhuídheachais ris a Nathair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda dóighreachd na náomh sa tsoillse:
13
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:
14
Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
15
Noch atá na iomháigh don Día dofhaicsigh, na chéidghin na nuile chreatúr:
16
Oír is leisean do crúthuigheadh na huile neithe, noch atá ar neamh, agus ar talamh, sófhaicsigh agus dófhaicsigh, más árdchaithireacha íad, nó tíghearnuis, nó úachdaránachd, nó cúmhachda: as leision agus ar a shonsan, do crúthugheadh íad uile:
17
Agus atá féin roimh na huile neithibh, agus is trídsion sheasaid na huile neithe a bhfochair a chéile.
18
Agus as eision ceann chuirp, na heagluisi: agar ab é an tosach é, an chéidgin ó mharbhuibh; chum airdcheannuis do bheith aige ós cionn na huile.
19
Oír do thogair an Tathair a nuile iomláine so chómhnuidhe annsan:
20
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
21
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh
22
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
23
Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
24
Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:
25
Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa, chum breithre Dé do choimhlíonadh;
26
An ruindiamhair do bhí folaighthe ó thus an domhuin agus ó ré na sinnsear, achd a nois atá ar na fhoillsiughadh dhá naómhuibhsion:
27
Dar thogair Día a fhoillsiughadh créd é siadhbhread ghlóire an ruindíamhairse a measg na Gcineadhach; agar ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:
28
Noch do nímidne sheamóir, agus tabhair fógra dá gach áon, agus ag teagusg gach aóin sa nuile eagna; chum gach áon do thabhairt a láthair iomlán a Níosa Críosd:
29
A ní chum a bhfuilimse ag déunamh díthchill, ar mbeith dhamh ag sbáirn do réir mar oibrigheas a oibriughadhsan ionnam go cumhachdach.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4