bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Esther 5
Esther 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 6 →
1
Anois tárla ar an treas lá, gur chuir Ester a culaidh bhainríoghna uirre, agus do sheas annsa chúirt dob fhaide a steach a ttigh an rígh, thall as coinne thighe an rígh: agus do shuigh an rígh iona chathaóir ríogha annsa tigh ríoghamhuil, thall as coinne gheata an tighe.
2
Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chonnairc an rígh Ester an bhainríoghan na seasamh annsa chúirt, go bhfuair sí fabhar iona radharc, agus gur shín an rígh chum Ester an ríoghshalt órdha do bhí iona láimh. Mar sin tháinic Ester a ngar dhó, agus do bhean sí re bárr na sláite.
3
Annsin a dubhairt an rígh ría, Cred is áil leachd, a bhaínríoghan Ester? agus cred é híarratus? do bhéarthar dhuit é go leath na rioghachta.
4
Agus do fhreagair Ester, Má chítear go maith don rígh é, tigeadh an rígh agus Háman a niugh chum na fleidhe do ghléas misi dhó.
5
Ann sin a dubhairt an rígh, Tabhruidh air Háman deithnios do dhéanamh, go ndéarna sé mar a deir Ester. Marsin tháinic an rígh agus Háman chum na fleidhe do ghléas Ester.
6
¶ Agus a dubhairt an rígh re Hester ag fleidh an nfíona, Cred í hathchuinge? agus do gheabha tú í: agus cred é híarratus? eadhon go nuige leath na rioghachta coimhlíonfuighthear é.
7
Annsin do fhreagair Ester, agus a dubhairt, Sí mathchuinghe agus míarratus;
8
Má fuáir mé grás a radharc an rígh, agus mas toil leis an rígh míarratus do dheónuighadh, agus mathchuinge do choimhlíonadh, tigeadh an rígh agus Háman chum na fleidhe ghleusfus mé dhóibh, agus do dhéana mé a márach mar a dubhairt an rígh.
9
¶ Ann sin do chuáidh Háman amach an lásin gáirdeach agus maille re croidhe sólásach: acht a núair do chonnairc Háman Mordecai a ngeata an rígh, nach ar sheas sé súas, agus nár chorruigh sé ar a shonsan, do bhí sé lán dfeirg a naghaidh Mhordecai.
10
Thairis sin do chuir Háman srian ris féin: agus a nuáir tháinic sé dhá thigh, do chuir teachda úadh agus do ghoir air a cháirdibh, agus ar a mhnáoi Seres.
11
Agus dinnis Háman dóibh glóir a shaidhbhriosa, agus iomad a chloinne, agus na huile neithe lér chuir an rígh súas é, agus mar dárduigh sé é ós cionn phrionnsadh agus sherbhíseach an rígh.
12
A dubhairt Háman fós, Níor léig Ester an bhainríoghan éanduine a steach leis an rígh chum na fleidhe dullmhuigh sí acht mé féin; agus atá cuireadh agam a márach uáithe mar an ccéadna leis an rígh.
13
Gidheadh ni dhéan so ré cheile maith dhamh, an fad chífeas mé Mordecai an Iúduigh na shuighe ag geata an rígh.
14
¶ Annsin a dubhairt Seres a bhean agus a cháirde uile ris, déantar croch cháogad cubhad ar áirde, agus labhairsi ris an rígh a marach go ccrochfuidhe Mordecai uirre: an sin éirigh a steach go súgach ris an rígh chum na fleidhe. Agus do thaitin an ní le Háman; agus thug sé fa deara croch do dhéanamh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10