bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Obadiah 1
Obadiah 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
1
Fis Obadiah. Is marso a deir an Tighearna DIA a ttáobh Edom; Do chuálamar aithris ón TTIGHEARNA, agus do cuireadh teachta a measc na ngeinteadh, Eirghidhse, agus eirghiom súas na haghaidh a ccath.
2
Féuch, do rinne mé beag thú a measc na ngeinteadh: is mór do tarcuisuigheadh thú.
3
¶ Do mheall úabhar do chroidhe thú, thusa chomhnuighios a scalpuibh na carrag, ar bhárd hionad comhnuidhe, noch a deir iona chroidhe, Cía bhéaras misi síos chum na talmhan?
4
Má atá go náirdeocha tusa thú féin mar an niolar, agus má atá go ccuirfe fú do nead a measc na realtann, do bhéara misi as sin a nuás thú, a deir an TIGHEARNA.
5
Má thangadar gaduighthe chugad, má thigid sladmhóiridh san noidhche, ciondus do gearradh amach thú! nach goidfidís nó go mbeith go lór aca? dá ttigedís lucht cnúasuigh na ccáor chugad, nach bhfúigfidís cuid do na cáoruibh?
6
Ciondus do spíonadh amach neithe Esau ciondus do hiarradh súas a neithe foluightheacha!
7
Thugadar uile dháoine do chumainn chum na teórainn thú: do mhealladar na daóine do bhí síothchanta riot tú, agus rugadar buáidh ort; thug an lucht ithios harán cneadh fúd: ní bhfuil tuicse ar bíoth annsan.
8
Nach scriosfa misi annsa ló sin, a deir an TIGHEARNA, daóine glioca amach as Edom, agus tuicsi as sliabh Esau?
9
Agus claóidhfighear, do dhaóine cumhachdachasa, a Théman, chor go ngéarrfuighear amach le hár a nuile dhuine do shlíabh Esau.
10
¶ Ar son thfoiréigin a naghaidh do bhrathair Iácob foileochuidh náire thú, agus géarrfuighear amach thú go bráth.
11
Annsa ló ar sheas tú don taóibh oile, annsa ló a rugadar coimhthighidh a shluáigh a láimh, agus a ndeachadar eachtarannuigh a steach iona gheata, agus ar teilgiodh crannchair air Ierusalem, do bhí tusa mar áon díobh.
12
Acht níor chóir dhuit féuchuin air lá do dhearbhrathar annsa ló a ndéarnadh coimhthigheach dhe; ní mo budh déanta dhuit gáirdeachus ós cloinn Iúdah a ló a naidhmhillte; ní mó budh labhartha dhuit go huáibhreach a ló na haindeise.
13
Níor dhúlta dhuit a steach go geata mo phobail a ló a naindéise; fós, nior bhféuchta dhuit a naindeise a ló a mbuáidheartha; nó lámh do chur ar a maóin a ló a namhgair.
14
Ní mó budh seasta dhuit annsa tslighe chrosaigh, do ghearradh amach an lucht do chúaidh as díobh da mhuinntir; ní mó budh seachadtha dhuit an mhéid dá mhuinntir do fhan a ló na díbhfheirge.
15
Oír atá lá an TIGHEARNA a bhfogus air na geintibh uile: mar do rinne tusa, do dhéantar amhluidh riot: iompocha do luáidheacht air do chionn féin.
16
Oír amhuil do ibheabhair air mo shlíabh náomhthasa, marsin iobhuid na geinte uile a ccomhnuidhe, aseadh, iobhuid siad, agus sluicfid siad síos, agus béid siad amhuil is nach beithdís.
17
¶ Acht ar shlíabh Sion biáidh tártháil, agus biáidh náomhthachd annsin; agus sealbhochuidh tigh Iacob a sealbh féin.
18
Agus biáidh tigh Iácob na theine, agus tigh Ióseph na lasair, agus tigh Esau na chonnlach, agus lasfuid ionta, agus dóithfid íad; agus ní fhanfa áon do thigh Esau; óir a dubhairt an TIGHEARNA é.
19
Agus an drong ó dheas sealbhochuid slíabh Esau; agus lucht an réitigh na Philistinigh: agus sealbhochuid síad magha Ephraim, agus magha Shamaria: agus sealbhochuidh Beniamin Gílead.
20
Agus sealbhochuid braighde an tsluáighse chloinne Israel fearann na Gcanaaníteach, eadhon go Sarephat; agus sealbhochuid braighde Ierusalem, noch atá ann Sepharad, caithreacha an deisceirt.
21
Agus tiucfuidh cobharthuigh súas air shliabh Sion do dhéanamh breitheamhnuis air shlíabh Esau; agus budh leis an TTIGHEARNA an rioghachd.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1
Recommended Reading
Commentary
Obadiah Commentaries
→
Devotional
Obadiah Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→