bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Philemon 1
Philemon 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
1
Pol, priosúnach Iósa Críosd, agus an dearbhrathair Timoteus chum Philémoín ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha,
2
Agus chum Apphia ghrádhach, agus chum Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus chum ne heaglaisi atá ad thigh:
3
Grása maille ribh, agus síothcháin, ó Dhía ar Nathair agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
4
Beirim buidheachus rém Dhía, ag sior chuimhneadh ortsa um urnuighibh,
5
(Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;)
6
Ionnus go mbíadh cumann do chreidimh éifeachdach a nadmháil na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd.
7
Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.
8
Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot.
9
Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.
10
Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh:
11
An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa:
12
Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroídhe féin:
13
Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil:
14
Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin.
15
As dóigh gur ab uime dimthigh sé ar feadh tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruidhe;
16
Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna?
17
Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gabh chugad é mar mé féin.
18
Agus má rinne sé dioghbháil air bith dhuit nó má dhligheann tú éinní dhe, bíodh sé um leithse;
19
Misi Pól do sgríobh so rém láimh féin, do bhéur díoluidheachd uáim: bíodh nach abruim riot, go ndlighim thú féin fós ós a cheann sin díot.
20
A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.
21
Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.
22
Agus maille ris sin ullmhuigh lóisdín damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh me tré bhur nurnuighíbh.
23
Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,)
24
Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.
25
Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd ré bhur sbioruid. Amen.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1