bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Peter 5
1 Peter 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Iarraim d’athchuinghe ar na seanóiribh ’n‐bhur measc, mise atá im’ sheanóir, chómh maith, agus im’ fhiadhnaidhe ar ar fhulaing Críost, agus im’ rannpháirtidhe, leis, de’n ghlóir foillseochar:
2
beathuighidh tréad Dé atá ’n‐bhur measc, ag tabhairt aire dhó, ní d’bhur n‐aimhdheoin é, acht go toilteanach, do réir tola Dé; ní h‐é ar son táir‐éadála, acht le h‐ionnracas aigne;
3
gan bheith ag déanamh máighistreachta ar a bhfuil fá bhur gcúram, acht bheith ag tabhairt eisiompláire do’n tréad.
4
Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.
5
Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.
6
D’á bhrigh sin, umhluighidh sibh féin fá thréan‐láimh Dé, chum go n‐árdóchadh sé i dtráth oireamhnach sibh;
7
ag cur bhur gcúraim uile air, óir bheireann se féin aire dhaoibh.
8
Bidhidh stuamdha, bidhidh ar bhur n‐aire; bíonn bhur n‐áidhbheirseoir, an diabhal, ag siubhal thart timcheall mar leomhan búirfeadhach ar thóir an té fhéadas sé a shlugadh.
9
Seasuighidh ’n‐a aghaidh‐sean go daingean, creidmheach, agus a fhios agaibh go bhfuil an céasadh céadna d’á chur ar bhur mbráithribh atá san saoghal.
10
Agus Dia an uile ghrása, do ghlaodh chum a ghlóire féin i gCríost sibh, tar a éis daoibh fulang ar feadh tamaill bhig, foirbhfidh sé sibh, neartóchaidh agus daingneochaidh sé sibh.
11
Dó‐san go raibh an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen.
12
Tré Shilbhánus, ár mbráthair dílis, do réir mo thuairme‐se, atáim ag scríobhadh go h‐aithghearr chugaibh, chum meanmna do thabhairt daoibh, agus chum a chur i dtuigsin daoibh gur ab é fíor‐ghrása Dé é seo: seasuighidh go daingean ann.
13
An eaglais atá san mBaibiolóin, do toghadh i n‐éinfheacht libh‐se, beannuigheann sí, mar aon lem’ mhac Marcus, daoibh.
14
Beannuighidh‐se d’á chéile le póig carthannachta. Go raibh síothcháin agaibh‐se uile atá i gCríost.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5