bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Timothy 4
1 Timothy 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Acht adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfidh cuid de na daoinibh an creideamh ins na h‐aimsearaibh deireannacha, ag tabhairt aire do spioraidibh mealltacha agus do theagascaibh deamhan,
2
tré bhéalchrábhadh luchta na mbréag, go bhfuil a gcoinsias loiscthe mar bhéadh le h‐iarann dearg;
3
ag cur coisc le pósadh agus g‐á mholadh staonadh ó bhiadhannaibh atá cruthuighthe ag Dia chum go gcaithfeadh na daoine fuair creideamh agus eolas na fírinne iad le buidheachas.
4
Óir is maith é gach nidh do chruthuigh Dia, agus ní ceart rud ar bith d’eiteach, acht go nglactar é le breith buidheachais;
5
óir beannuightear é tré bhriathar Dé agus tré urnaighe.
6
Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.
7
Acht seachain baoith‐scéalta saoghalta agus fabhla sean‐bhan.
8
Agus déan cleachtadh ar an diadhacht: óir is beag an tairbhe atá i n‐aclaidheacht cuirp; acht atá tairbhe le h‐aghaidh an uile nidh san diadhacht, mar tá innti geallamhain na beathadh atá ann anois, agus atá le teacht.
9
Is inchreidthe an focal é, agus is fiú glacadh ar fad leis.
10
Óir chuige sin is eadh atáimíd ag saothrú agus ag spairn, toisc ár muinighin bheith againn as an Dia beo, slánuightheoir na ndaoine uile, an méid aca chreideas, go mór‐mhór.
11
Fógair agus múin na neithe seo.
12
Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do dhéanamh det’ óige; acht bí id’ eisiompláir do lucht an chreidimh, i mbriathraibh béil, i mbéasaibh, i ngrádh, i gcreideamh, i bhfíor‐ghlaine.
13
Go dtí go dtagad‐sa, tabhair aire do’n léightheoireacht, do’n ghríosadh, do’n teagasc.
14
Ná déan faillighe san tabhartas atá ionnat, tugadh tré tharngaire dhuit le leagadh lámh na seanóir.
15
Bí ag cleachtadh na neithe seo; tabhair lán‐aire dhóibh, chum go mba léir do’n uile dhuine an dul ar aghaidh atá dh’á dhéanamh agat.
16
Tabhair aire dhuit féin agus dod’ theagasc; lean díobh; óir, g‐á dhéanamh dhuit, saorfair thú féin agus iad‐san éisteas leat.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6