bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
2 John 1
2 John 1
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Jump to:
Chapter 1
1
An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca;
2
as ucht na fírinne chómhnuigheas ionnainn, agus bhéas linn go síorraidhe.
3
Béidh grása, trócaire agus síothcháin linn ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost, Mac an Athar, san bhfírinne agus san ngrádh.
4
Ba mhór an gáirdeachas do chuir sé orm cuid ded’ chlainn d’fhágháil ag siubhal san bhfírinne, do réir na h‐aithne fuaramar ó’n Athair.
5
Agus impidhim ort anois, a bhaintighearna, ní mar bhéinn ag scríobhadh aithne nuaidhe chugat, acht an aithne do bhí ó thús againn, grádh do thabhairt d’á chéile.
6
Agus is é is grádh ann, siubhal do réir a aitheanta. Is í seo an aithne, mar chualabhar ó thús, gur dual daoibh siubhal d’á réir.
7
Óir atá a lán mealltóir imthighthe amach san tsaoghal, nach n‐admhuigheann Íosa Críost tháinig san gcolainn. Atá a leithéid seo ’n‐a mhealltóir agus ’n‐a ainchríost.
8
Bidhidh ar bhur n‐aire chum nach gcaillfidh sibh a bhfuil saothruighthe agaibh, acht go bhfaighidh sibh lán‐luach saothair.
9
Cibé duine théigheas ceann ar aghaidh agus nach gcómhnuigheann i dteagasc Chríost, ní fhuil Dia aige: cibé duine chómhnuigheas san teagasc sin atá an tAthair agus an Mac aige.
10
Má thig aoinneach chugaibh gan an teagasc so do thabhairt leis, ná glacaidh isteach ’n‐bhur dtigh é, agus ná beannuighidh dhó:
11
óir an té bheannuigheas dó atá sé páirteach ’n‐a dhroch‐ghníomharthaibh.
12
Is mór a lán do bhéadh agam le scríobhadh chugaibh, acht níorbh áil liom é do scríobhadh le páipéar agus le dubhach; acht atá súil agam teacht chugaibh agus labhairt libh béal le béal, chum go mbéidh gáirdeachas go h‐iomlán agaibh.
13
Beannuigheann clann do dheirbhsheathar toghtha dhuit.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1