bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
James 5
James 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Féachaidh i leith, a lucht an tsaidhbhris, bidhidh ag caoineadh agus ag olagón fá n‐a bhfuil de thubaiste le teacht oraibh.
2
Atá bhur gcuid saidhbhris lobhtha, agus atá bhur n‐éadaighe ithte ag na leamhnaibh.
3
Atá bhur gcuid óir agus airgid meirgeach, agus béidh a meirg mar fhiadhnaise ’n‐bhur n‐aghaidh, agus cnaoidhfidh sí bhur bhfeoil mar dhéanfadh teine. Atá bhur n‐ionmhas curtha i dtaisce agaibh ins na laethibh deireannacha so.
4
Féach, tuarastal bhur sclábhaidhte do bhain bhur nguirt, atá d’á chongbháil siar agaibh san éagcóir, atá sé ag eagnach os árd, agus tháinig casaoid na mbuanaidhe go cluasaibh Thighearna na sluaigheadh.
5
Do chaitheabhar bhur saoghal ar talamh le macnas agus le pléisiúr; do bhí an‐tsásamh croidhe agaibh i ló an áir.
6
Do dhaorabhar agus do mharabhar an fíréan; ní chuireann sé ’n‐bhur gcoinnibh.
7
Bidhidh foighdeach d’á bhrigh sin, a bhráithre, go teacht an Tighearna. Féach, bíonn an scológ ag fanamhain le toradh luachmhar na talmhan, agus é go foighdeach ’n‐a thaobh, nó go bhfaighidh sé fearthainn an earraigh agus fearthainn an fhóghmhair.
8
Bíodh foighid agaibh‐se leis, neartuighidh bhur gcroidheacha, óir ní fada uainn teacht an Tighearna.
9
Ná bidhidh ag cannrán i n‐aghaidh a chéile, a bhráithre, chum nach dtiubharfar breitheamhnas oraibh: féach, atá an breitheamh ’n‐a sheasamh ag an doras.
10
Glacaidh mar shompla fulaing agus foidhne, a bhráithre, ná fáidhe do labhair i n‐ainm an Tighearna.
11
Féach, measaimíd gur ab aoibhinn do na daoinibh d’fhulaing go foighdeach. Do chualabhar i dtaobh foidhne lóib, agus do chonnacabhar an chríoch do chuir an Tighearna air; óir atá an Tighearna lán de thruaigh agus de thrócaire.
12
Acht thar gach nidh, a bhráithre, ná tabhraidh mionn ar bith, ag dearbhú ar neamh, nó ar thalamh, nó ar aon nidh eile: acht abraidh, Is eadh, amháin, nó, Ní h‐eadh, le fíre, gan tuilleadh do rádh, ar eagla go dtuitfeadh sibh fá bhreitheamhnas.
13
An bhfuil aon duine ’n‐bhur measc ag fulang? Déanadh sé urnaighe. An bhfuil aon duine ríméadach? Déanadh sé laoidh molta do chanadh.
14
An bhfuil aon duine tinn ’n‐bhur measc? Cuireadh sé fios ar sheanóiribh na h‐eaglaise, agus déanaidís urnaighe os a chionn, g‐á ungadh le h‐ola i n‐ainm an Tighearna:
15
agus slánóchaidh guidhe an chreidimh an t‐easlán, agus tógfaidh an Tighearna aniar é; agus má tá peacaidhe déanta aige, maithfear iad dó.
16
Admhuighidh bhur bpeacaidhe d’á chéile, d’á bhrigh sin, agus guidhidh ar son a chéile, chum go leigheasfar sibh. Is mór an éifeacht atá i n‐urnaighe dhúthrachtaigh ó fhear fíréan.
17
Fear do bhí ar aon nádúir linne ab eadh Élias, agus do ghuidh sé go dúthrachtach nach gcuirfeadh sé báisteach: agus níor thuit braon báistighe ar an talamh ar feadh trí mbliadhan agus sé mí.
18
Agus do ghuidh sé arís, agus thug an spéir báisteach, agus thug an talamh a thoradh.
19
A bhráithre, má tá aoinneach ’n‐bhur measc ag claonadh ó’n bhfírinne, agus má thionntuigheann duine eile é,
20
bíodh a fhios aige, an té thionntuigheas peacadh ó’n slighe ’n‐a raibh sé ar seachrán, go saorfaidh sé a anam ó bhás, agus go gcuirfidh sé folach ar a lán mór peacaidhe.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5