bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
John 20
John 20
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 21 →
1
Agus an chéad lá de’n tseachtmhain tháinig Máire Mhagdaléne go moch ar maidin, agus an dorchacht ann fós, go dtí an tuama, agus do chonnaic sí go raibh an leac tógtha ó’n tuama,
2
Do rith sí annsin, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionmhain le h‐Íosa, agus adubhairt sí leo, Do thógadar an Tighearna as an tuama, agus ní fhuil a fhios againn cár chuireadar é.
3
Annsin d’imthigh Peadar agus an deisceabal eile amach, agus do chuadar fá dhéin an tuama.
4
Agus do bhíodar araon ag rith, agus do rith an deisceabal eile ní ba luaithe ’ná Peadar, agus ba thúisce do shroich seisean an tuama;
5
agus ag cromadh dhó agus ag féachaint isteach, do chonnaic sé an línéadach leagtha ann; acht ní dheachaidh sé isteach.
6
Tháinig Síomón Peadar annsin, g‐á leanamhain, agus do chuaidh sé isteach sa tuama; agus do chonnaic sé an línéadach leagtha amach,
7
agus an naipcín, do bhí ar a cheann, acht é fillte i n‐áit eile ar leith.
8
Annsin do chuaidh an deisceabal eile isteach, leis, an té tháinig ar dtús go dtí an tuama, agus do chonnaic sé, agus do chreid.
9
Óir níor thuigeadar fós an scrioptúir, go raibh i ndán dó aiséirghe ó na marbhaibh.
10
Annsin d’imthigh na deisceabail ar ais abhaile arís.
11
Acht do bhí Máire ’n‐a seasamh taobh amuigh de’n tuama, agus í ag gol:
12
agus sa ngol dí do chonnaic sí an bheirt aingeal i n‐éadach geal ’n‐a suidhe, aingeal aca ag a cheann, agus aingeal ag a chosaibh, mar ar leagadh corp Íosa.
13
Agus adubhradar léi, A bhean, cad chuige an bhfuil tú ag gol? Adubhairt sise leo, De bhrigh gur thógadar mo Thighearna, agus nach bhfuil a fhios agam cár chuireadar é.
14
Ar n‐a rádh sin dí, d’iompuigh sí siar, agus do chonnaic sí Íosa ’n‐a sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa é.
15
Adubhairt Íosa léi, A bhean, cad chuige an bhfuil tú ag gol? cia atá uait? Ba dhóigh léi‐se gurbh é an garradóir é, agus adubhairt sí leis, A dhuine uasail, má’s tusa do thóg as so é, innis dom cár chuiris é, agus tógfad‐sa liom é.
16
Adubhairt Íosa léi, A Mháire! D’iompuigh sí, agus adubhairt sí as Eabhrais, A Rabbóní! (is é sin le rádh, A Mháighistir.)
17
Ádubhairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní chuadhas suas chum an Athar fós: acht téigh chum mo bhráithreach, agus abair leo, Atáim ag dul suas chum m’Athar‐sa agus bhúr nAthar‐sa, agus chum mo Dhé‐se agus bhúr nDé‐se.
18
Tháinig Máire Mhagdaléne agus d’innis sí dhóibh, Do chonnacas an Tighearna; agus go ndubhairt sé na neithe sin léi.
19
Agus le linn an tráthnóna, an lá sin, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na dóirse dúnta san tigh ’n‐a raibh na deisceabail cruinnighthe, ar eagla na nIúdach, tháinig Íosa agus do sheas sé ’n‐a measc, agus adubhairt sé leo, Síothcháin daoibh.
20
Agus nuair adubhairt sé sin, do nocht sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus ba mhór an t‐áthas do bhí ar na deisceablaibh, nuair chonnacadar an Tighearna.
21
Annsin adubhairt Íosa arís leo, Síothcháin daoibh: fá mar chuir an t‐Athair uaidh mé, cuirim‐se sibh‐se uaim mar an gcéadna.
22
Agus ar n‐a rádh sin dó, d’análuigh sé ortha, agus adubhairt sé leo, Glacaidh an Spiorad Naomh:
23
na daoine go maithfidh sibh a gcionnta dhóibh, atá siad maithte dhóibh; na daoine go bhfágfaidh sibh a gcionnta ortha, atá siad fágtha ortha.
24
Acht Tomás, duine de’n dáréag, d’á ngoirthear Didimus, ní raibh seisean ’n‐a bhfochair nuair tháinig Íosa.
25
Agus adubhairt na deisceabail eile leis, Do chonnacamar an Tighearna. Acht adubhairt seisean leo, Muna bhfeicim ’n‐a lámhaibh rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo mhéar isteach i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo lámh isteach ’n‐a thaobh, ní chreidfead.
26
Agus ocht lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás ’n‐a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do sheas sé ’n‐a measc, agus adubhairt, Síothcháin daoibh.
27
Adubhairt sé annsin le Tomás, Cuir do mhéar annso, agus féach mo lámha; agus sín annso do lámh, agus cuir isteach im’ thaobh í: agus ná bí díchreidmheach, acht bí creidmheach.
28
D’fhreagair Tomás, agus adubhairt sé leis, Mo Thighearna agus mo Dhia thú!
29
Adubhairt Íosa leis, De bhrigh go bhfacais mé, ar chreidis? is aoibhinn dóibh‐sean nach bhfaca, agus do chreid.
30
Is iomdha míorbhail eile nach bhfuil cur síos air ins an leabhar seo, do‐rinne Íosa i láthair a dheisceabal:
31
acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21