bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Matthew 28
Matthew 28
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
1
Agus tar éis na sabóide, agus an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú, tháinig Máire Mhagdaléne agus an Mháire eile leis an tuama d’fheicsin.
2
Agus féach, tháinig crioth mór talmhan; óir tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus d’iontuigh sé an chloch, agus do shuidh sé uirthi.
3
Agus do bhí a ghnúis mar an teintreach, agus do bhí a éadaighe chomh geal leis an sneachta:
4
agus le h‐eagla roimhe bhí an lucht coimhéadtha ar crioth, agus bhíodar i riocht daoine marbh.
5
Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh.
6
Ní annso atá sé; óir d’aiséirigh sé, fá mar adubhairt sé roimh ré. Tagaidh, féachaidh an áit ’n‐a raibh an Tighearna ’n‐a luighe.
7
Agus imthighidh anois go luath, agus innisidh d’á dheisceablaibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh; agus féach, atá sé ag dul rómhaibh do’n Ghalilé; chífidh sibh annsin é: féach, adubhras‐sa libh é.
8
Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.
9
Agus féach, do casadh Íosa ortha, agus adubhairt sé, Go mbeannuighidh Dia dhaoibh. Agus thángadar agus rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.
10
Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.
11
Agus ag imtheacht dóibh, féach, tháinig cuid de na gárdaibh isteach sa gcathair, agus d’inniseadar d’uachtaránaibh na sagart gach a dtarla.
12
Agus nuair do chruinnigh siad le chéile i bhfochair na seanóir, agus do ghlacadar cómhairle le chéile, thugadar mórán airgid do na saighdiúiribh,
13
g‐á rádh, Abraidh‐se, Tháinig a dheisceabail fá scáth na h‐oidhche, agus do ghoideadar é, nuair do bhío mairne ’n‐ár gcodladh.
14
Agus má chluineann an riaghaltóir ’n‐a thaobh, labharfaimíd‐ne leis, agus cuirfimíd slán ó bhaoghal sibh‐se.
15
Agus do ghlacadar‐san an t‐airgead, agus do‐rinneadar fá mar adubhradh leo: agus do leath an scéal sin i measc na nIúdach go dtí an lá indiu.
16
Acht do chuaidh an t‐aon deisceabal déag do’n Ghalilé, go dtí an cnoc mar a ndearna Íosa coinne leo.
17
Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca.
18
Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.
19
Imthighidh‐se, d’á bhrigh sin, agus déanaidh deisceabail as na náisiúnaibh go léir, g‐á mbaisteadh i n‐ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh:
20
g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28