bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Philippians 3
Philippians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
I ndeireadh scéil, a bhráithre, déanaidh gáirdeachas san Tighearna. Ní fhuil tuirse orm ag scríobhadh na neithe céadna arís, acht déanfaidh sé bhur leas‐sa.
2
Seachnaidh na madraí, seachnaidh na droch‐oibridhthe, seachnaidh lucht an chóimhghearrtha:
3
óir is sinne lucht an fhír‐thimcheall‐ghearrtha, do‐ghní adhradh tré Spiorad Dé, agus do‐ghní maoidhmheachas as Íosa Críost,
4
gan muinighin bheith againn as an bhfeoil: gidh go mb’ fhéidir liom‐sa muinighin do chur as an bhfeoil féin: má’s dóigh le h‐aoinneach gur féidir leis muinighin do chur as an bhfeoil, is mó ’ná sin is féidir liom‐sa:
5
mise do timcheall‐ghearradh an t‐ochtmhadh lá, do shíolruigh ó threibh Bheniamín, Eabhraidheach tháinig ó Eabhraidhibh; i dtaobh na dlighe im’ Fhairsíneach;
6
i dtaobh díoghraise, inghreimtheach na h‐eaglaise; i dtaobh na fíréantachta atá san dlighe, fríth mé bheith gan locht.
7
Acht na neithe do bhí mar tháirbhe dhamh‐sa, do mheasas gur chailleamhain ar son Chríost iad.
8
Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,
9
agus go bhfaighfidhe mé ann, gan fíréantacht dem’ chuid féin bheith agam, fíréantacht ó’n dlighe, acht an fhíréantacht thig ó Dhia tré chreideamh;
10
chum go bhfaighead eolas air, agus ar chumhacht a aiséirighthe, agus ar rannpháirteacht ’n‐ar fhulaing sé, dom’ chur i gcosamhlacht leis ’n‐a bhás;
11
le súil go n‐éireochadh liom, ar chor ar bith, an aiséirghe ó na marbhaibh do rochtain.
12
Ní h‐é go bhfuil ceann cúrsa sroichte agam cheana, nó go bhfuil bárr feabhais orm fós; acht atáim ag bualadh ar aghaidh, mar dhúil is go bhfaighinn sealbh air, mar fuair Íosa Críost sealbh orm‐sa.
13
A bhráithre, ní h‐é go measaim go bhfuil sé im’ sheilbh fós: acht atá aon nidh amháin d’á dhéanamh agam, ag déanamh dearmaid ar a bhfuil ar mo chúl agam, agus ag síneadh chum a bhfuil rómham,
14
atáim ag rith fá dhéin an bháire, chum craoibhe árd‐ghairme Dé i nÍosa Críost.
15
D’á bhrigh sin, bíodh an dearcadh sin ag an méid dínn atá lán‐fhoirbhthe: agus má tá a mhalairt de dhearcadh fá rud ar bith agaibh,
16
nochtfaidh Dia an rud sin daoibh: acht amháin, an fad atá sroichte againn, cheana, leanamaís d’á réir.
17
A bhráithre, déanaidh‐se aithris orm‐sa i n‐éinfheacht le chéile, agus coimheádaidh súil ortha‐san leanas do réir an tsompla do‐bheirimíd daoibh.
18
Óir atá a lán daoine ag siubhal, gur inniseas daoibh go minic le deoraibh ’n‐a dtaobh, gur náimhde do chrois Chríost iad:
19
gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta.
20
Óir is ar neamh atá ár n‐áitreabh‐na; agus is ó’n áit sin atáimíd ag fanamhain le Slánuightheoir, an Tighearna Íosa Críost:
21
an té chuirfeas malairt crotha ar chorp so ár h‐umhlaidheachta, chum go ndéanfar cosmhail é le n‐a chorp glórmhar féin, do réir an chumais atá aige chum gach uile nidh do thabhairt fá n‐a cheannas féin.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4