bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 John 1
2 John 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
1
An cruifir chuig an mbantiarna thofa agus chuig a clann, a bhfuil grá agam dóibh san fhírinne, agus ní hamháin agamsa ach ag a bhfuil fios na fírinne acu,
2
de bharr na fírinne a chónaíos ionainn agus a bheas linn go brách.
3
An grásta, an trócaire, agus an tsíocháin daoibh, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar, i bhfírinne agus i ngrá.
4
Ba lúcháir mhór dom é cuid de do chlann a fháil ag leanúint den fhírinne, mar a ordaíodh dúinn ón Athair.
5
Agus táim ag iarraidh oraibh anois, a bhantiarna, ní mar a bheinn ag scríobh nua-aithne daoibh, ach an aithne a bhíodh againn ó thús, grá a bheith againn dá chéile.
6
Agus is é is grá ann, sinne a aitheanta a leanúint, is í sin an aithne, mar a chuala sibh ó thús, go leanfadh sibh den ghrá.
7
Óir is iomaí bréagaire a chuaigh amach sa domhan, daoine nach n-admhóidh teacht Íosa Críost i gcorp collaí; is bréagaire a leithéid agus is é an t-ainchríost é.
8
Féachaigí chuige nach dtéann bhur saothar amú, ach go bhfaighidh sibh luach saothair lán.
9
An duine a théas i bhfad chun tosaigh gan fanacht de réir theagasc Chríost níl Dia aige; an té a fhanas dílis don teagasc tá an tAthair agus an Mac araon aige.
10
Má thagann duine chugaibh gan an teagasc seo a bheith leis, ná glacaigí isteach chun tí é agus ná beannaígí dó;
11
mar an té a bheannaíos dó bíonn sé páirteach ina dhrochghníomhartha.
12
Siúd is go bhfuil mórán le scríobh agam daoibh, ní mian liom a bhreacadh ar phár le dúch, ach táim ag dúil le teacht a amharc ar bhur ngnúis, agus comhrá a bheith eadrainn, go dtí go mbeidh ár lúcháir lán.
13
Beannaíonn clann do dheirféar tofa daoibh.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1