bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
3 John 1
3 John 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
1
An cruifir chuig Gaius grámhar, a bhfuil grá agam dó i bhfírinne.
2
A dhuine ghrámhair, guím rath agus sláinte ort; tá a fhios agam go bhfuil rath anama ort.
3
Óir is mór an lúcháir a chuir sé orm nuair a tháinig cuid de na bráithre le fianaise a thabhairt ar fhirinne do bheatha, ós tú a leanas den fhirinne dáirire.
4
Níl lúcháir orm is mó ná sin, a chluinstin go mbíonn mo chlannsa ag leanúint den fhirinne.
5
A dhaoine na páirte, is maith dilis an mhaise daoibh é a ndéanann sibh do na bráithre, go háirithe na coimhthígh,
6
a bhfuil fianaise tugtha acu ar do ghrá os comhair na heaglaise. Is maith a dhéanfas sibh an comóradh is dual do theachtairi Dé a thabhairt dóibh ag imeacht dóibh.
7
Mar dʼimigh siad in ainm Dé gan aon ní a ghlacadh ó na págánaigh.
8
Ba chóir dúinn cabhrú lena leithéidi, le bheith ag comhoibriú leo san fhirinne.
9
Tá focal scríofa agam chuig an eaglais; ach ní ghéilleann an Diotrefés seo, ar maith leis an mháistreacht a bheith aige, do mʼúdarás-sa.
10
Má thagaim, caithfidh mé suas leis a mbíonn á dhéanamh aige de chúlchaint orm. Agus ní leor leis sin, bíonn sé doicheallach roimh na bráithre, agus é ag cur cosc leis an dream ar mhian leo fáiltiú rompu, agus á ndíbirt amach as an eaglais.
11
A lucht na páirte, ná déanaigí aithris ar an drochrud ach ar an dea-rud. An té a dhéanas an mhaith is ó Dhia é; an té a dhéanas an t olc ní fhaca sé gnúis Dé.
12
Tá fianaise tugtha ar Dhemetrius ag gach duine agus ag an bhfírinne i féin; tugaim féin fianaise air, agus is eol daoibh gur fíor i mʼfhianaise.
13
Bhí mórán lena scríobh agam chugaibh, ach go mbʼihearr liom gan a scríobh le peann ar phár;
14
tá dóchas agam thú a fheiceáil roimh i bhfad, agus beidh comhrá againn ansin béal le béal.
15
Go raibh an tsíocháin agat. Beannaionn na cairde duit. Beannaigh do na cairde, gach duine acu ina ainm.
Jump to:
Chapter 1
All chapters:
1