bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Colossians 1
Colossians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Pól, aspal le hÍosa Críost, le toil Dé, agus Timótéus ár mbráthair,
2
Ag beannú do na daoine úd i gColossae a fhaigheas naofacht agus creideamh i gCríost: Go raibh grásta agus síocháin agaibh ó Dhia, ár nAthair.
3
Bímid i gcónaí ag tabhairt altú buíochais do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost, nuair a bhímid ag guí oraibh,
4
mar nílimid gan iomrá a chluinstin ar an gcreideamh atá agaibh in Íosa Críost, agus ar an ngrá a bhíos agaibh do na naoimh uile,
5
atá bunaithe ar an dóchas atá curtha i dtaisce in bhur gcoinne ar neamh. Ar ndóigh níl sibh gan cluinstin faoi sin cheana. Tá briathar na fírinne, tá an soiscéal
6
i ndiaidh teacht chugaibh. Agus tá sé sin ag tabhairt toraidh agus ag fás leis ar fud an domhain uile— agus eadraibhse freisin, ón lá úd inar chuala sibh agus inar thuig sibh i bhfírinne cad é rud é grásta Dé.
7
Ba ó Epafras ár gcomhsheirbhíseach ceanúil a fuair sibh an fios seo. Is freastalaí fíordhilis le Críost é thar ár gceann,
8
agus is é a dʼinis dúinn faoin ngrá éagmaiseach atá agaibh dúinn sa Spiorad.
9
Dá bhrí sin, ón lá a chualamar faoi, níl stad orainn ach ag guí ar bhur son, ag impí ar Dhia go líonfar sibh le heolas a thola le gach cineál dʼeagna agus de thuiscint spioradálta,
10
ionas go gcuirfidh sibh an t-eagar ar bhur mbeatha arb fiú an Tiama é, agus is mó a thaitníos leis, agus sibh ag tabhairt toraidh i ngach cineál dea-oibre agus ag cur le bhur n-eolas ar Dhia.
11
Go neartaí sé libh de réir a chumhachta glórmhaire, le bheith fadfhulangach foighneach fíoráthasach,
12
agus buíochas á thabhairt againne don Athair a ghléas sinn le cuid a bheith againn in oidhreacht na naomh i ríocht an tsolais.
13
Is é a rinne ár n-aistriú ó bheith faoi cheannas an dorchadais go ríocht a Mhic ionúin,
14
a bhfuil ár bhfuascailt agus maithiúnas ár bpeacaí ann.
15
Is é íomhá an Dé neamhfheicseanaigh é, céadghin na cruinne,
16
ós ann a cruthaíodh a bhfuil ann idir a bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir shofheicseanach agus dhofheic-seanach, idir ríochtaí agus thiarnais agus fhlaithis agus údaráis—níl ní ann nár cruthaíodh tríd agus chuige.
17
Is é atá ann rompu, agus is ann a fhitear agus a fhuaitear le chéile iad.
18
Is é ceann an choirp é, agus is í an eaglais an corp a bhfuil sé mar cheann uirthi; agus is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh, de gheall ar thosaíocht gach cúise a bheith aige.
19
Mar is ann a dheonaigh Dia a dhul a chónaí go huile is go hiomlán,
20
agus a dʼathaontaigh sé leis féin a bhfuil ann ar neamh nó ar talamh, nuair a rinne sé an tsíocháin le fuil a chroisesean.
21
Bhí an t-am ann a mbíodh fuath na naimhde ag bhur n-intinn dó, agus drochghníomhartha á ndéanamh agaibh,
22
ach tá sibh anois tugtha chun athmhuintearais aige ina bhás lena chorp collaí, ionas go dtabharfar sibh os a chomhair naofa neamhchoireach gan locht,
23
ar choinníoll go bhfanfaidh sibh dílis don chreideamh, go staidéarach seasmhach, gan bheith do bhur gcorraí as bhur ndóchas sa soiscéal a chuala sibh, agus a foilsíodh do gach dár cruthaíodh faoi neamh, an soiscéal ar ceapadh mise, Pól, le bheith i mo dhuine dá lucht freastail.
24
Anois, bíonn lúcháir orm faoi na piantaí a fhulaingím ar bhur son, agus críochnaím i mo cholainn féin an méid nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Críost ar son a choirp féin, is é sin ar son na heaglaise.
25
Tá mise i mo fhreastalaí inti de réir an tsocraithe atá déanta ag Dia liom in bhur gcoinne, le briathar Dé a léirnochtadh,
26
rúndiamhair í a ceileadh leis na cianaoiseanna, ach atá anois á nochtadh dá naoimh.
27
Ba é rogha Dé nochtadh dóibh siúd cad é chomh mór is atá glóir agus saibhreas na rúndiamhaire seo i mease na nGintlithe, is é rud é, an Críost atá ionaibh féin, an dóchas atá agaibh le glóir Dé.
28
Bímid á fhógairtsean, ag tabhairt rabhaidh agus teagaisc do gach aon duine lena mbíonn dʼeagnaíocht inár gceann, ionas go mbeidh gach aon duine á thoirbhirt againn agus é lánaibí i gcúrsaí Chríost.
29
Is é sin a bhíos á shaothrú amach agam, agus mé ar mo dhícheall le hiomlán na cumhachta a chuireas sé ionam go cumhachtach.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4